Tionscnamh is ea Éireannach a bhfuil sé mar fhís aige naisc thábhachtacha a chruthú leis an diaspóra Éireannach ar fud an domhain. Is é is aidhm don tionscnamh an t-áthas a bhaineann lena bheith i d’Éireannach a roinnt. Chuige sin, cuireann Éireannach mol fíorúil ar fáil le gur féidir tráthanna speisialta a thit amach i rith na bliana a roinnt ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh, ar eagraíochtaí agus gnólachtaí pobail a bhfuil fréamhacha Éireannacha acu.
Bí linn an Nollaig seo agus cruthaigh naisc lenár dteaghlach Éireannach ó cheann ceann na cruinne.
Beidh Éireannach um Nollaig á reáchtáil ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála le tacaíocht ó údaráis áitiúla, ó fhorais chultúrtha, ó chraoltóirí agus eagraíochtaí ar fud na hÉireann.
#ToBeIrish #IrishAtChristmas #Éireannach #ÉireannachUmNollaig
“ní bhíonn tú i bhfad ó bhaile ná ó ghaolta riamh.”