ROINN SPIORAD NA FÉILE LINN!
Cruthaigh naisc le do theaghlach Éireannach ar fud an domhain. Déan do chuimhní, d’íomhánna, do theachtaireachtaí agus níos mó a roinnt. Éist le roinnt scéalta ó gach cearn den domhan. Ná déan dearmad muid a chlibeáil!
Is iomaí bealach atá ar fáil duit páirt a ghlacadh i gceiliúradh na Nollag Éireannaí dár gcuid ar fud an domhain. Féach thíos na sonraí maidir le himeacht a chlárú, conas clárú lenár nuachtlitir agus na deiseanna atá ar fáil duit chun do scéalta agus do theachtaireachtaí féin a roinnt lenár dteaghlach Éireannach domhanda.
An mbeidh imeacht i gcomhair na Nollag á reáchtáil ag d’eagraíocht an Nollaig seo?
Cláraigh anseo le bheith ar an liosta ag www.tobeirish.ie.
Mí na Nollag seo, comhlíonfaidh Ambasáid na hÉireann amháin thar lear tasc an-speisialta ar fad… litreacha do Santaí ó pháistí na hÉireann a sheachadadh go hoifigiúil chuig an fear mór féin.
Tugtar spreagadh do pháistí a litreacha a sheoladh ar líne chuig Ambasáid na hÉireann san Fhionlainn, Ambasáid atá díreach ó dheas de shráidbhaile Dhaidí na Nollag sa Chiorcal Artach. Déanfaidh an tAmbasadóir Ruth Parkin a chinntiú go pearsanta go mbeidh na litreacha faighte ag Santaí in am don Nollaig.
Más mian leat go mbeadh do shiopa le feiceáil ar an treoraí bronntanais Éireannach um Nollaig, cliceáil ar ‘tuilleadh eolais’ thíos chun sonraí clárúcháin a fháil.
Inis dúinn faoi cad é a dhéanann tú a nascadh le hÉirinn um Nollaig – maisiúchán, geansaí, áit, amhrán, oideas… níl aon teorainn leis!
Seol gearrfhíseán chugainn chun do chuimhne a roinnt.
Cláraigh linn chun nuashonruithe a fháil maidir leis an tionscnamh Éireannach.
Coinnigh súil ar an láithreán seo chun foghlaim faoi na bealaí rannpháirtíochta nua atá le teacht go luath!
Cláraigh lenár nuachtlitir anseo chun na deiseanna sin a thapú.