A ealaíontóirí óga — tá cabhair ag teastáil uainn chun ár gcuid Cártaí Nollag 2021 a dhearadh!
I mbliana, táimid ag seoladh ‘Tá an Nollaig Buailte linn!’, tionscadal speisialta ríomhchártaí le cabhrú le cairde agus teaghlaigh fud fad an domhain fanacht i dteagmháil lena chéile um Nollaig.
An t-aon rud atá de dhíth orainn anois ná an ealaín!
Iarraimid ar pháistí idir 5 – 10 mbliana d’aois cárta Nollag a tharraingt agus a chur chugainn. Roghnófar buaiteoir amháin agus beidh an ealaín aige nó aici le feiceáil taobh lenár gcuid ealaíne féin sa bhailiúcháin ríomhchártaí Éireannach um Nollaig.
Tá tuilleadh eolais maidir le duaiseanna agus ar an dóigh le hiontráil a chur isteach ar fáil thíos.
1ú Duais: beidh obair ealaíne an bhuaiteora le feiceáil mar ríomhchárta oifigiúil Éireannach agus gheobhaidh sé nó sí ciseán féiríní lán bréagán agus cluichí ó Cogs the Brain Shop
2ú Duais: beart 10 leabhar agus iad sínithe ag an údar ó Johnny Magory Books
3ú Duais: dearbhán do Jiminy Eco Toys
Le d’iontráil a chur isteach, cliceáil ar an gcnaipe thíos agus comhlánaigh an fhoirm le tuismitheoir nó caomhnóir. Cuir isteach do chuid ealaíne roimh mheán oíche ar an 13ú Nollaig!
CUIR ISTEACH DO DHEARADH DON CHÁRTA NOLLAG