AN tAIRE STÁIT A BHFUIL FREAGRACHT AIR I LEITH CÚNAMH FORBARTHA THAR LEAR AGUS DIASPÓRA, COLM BROPHY, T.D.
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil Éireannach ar an bhfód arís an Nollaig seo agus é níos mó agus níos fearr ná riamh. Beidh an Nollaig seo ar an gcéad deis a bheidh ag go leor dár ndiaspóra filleadh abhaile ó thú na paindéime.
Forbraíodh ToBeIrish.ie dóibhsean agus dóibh siúd a bheidh i bhfad uainn um Nollaig i mbliana, le deis a thabhairt dóibh a gcuid taithí agus a gcuid mianta i dtaca leis an Nollaig a chomhroinnt.
Baineann Éireannach le nasc a dhéanamh dár ndiaspóra ag ceann de na tréimhsí is tábhachtaí den bhliain agus fáilte a chur rompu.
Is deis spreagúil é chun dul i ngleic leis an diaspóra againn pé áit a bhfuil siad, agus ceiliúradh a dhéanamh ar na gnéithe is fearr den Nollaig in Éirinn, ócáid ar mór linn go léir í.”
An tAire Stáit a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy, T.D.
COLM BROPHY
“Is cuma cá bhfuil muid ar domhan, beidh sé ina am nuair a smaoinímid ar na daoine is mó a bhfuil grá againn dóibh.”